An raibh a fhios agat go bhfuil cearta agat chun tú a chosaint ag obair? Cearta atá ann chun tú a chosaint agus tú ag lorg poist. Cearta atá ann ar feadh do ghairme agus do shaol teaghlaigh, beag beann ar aois, inscne, míchumas, cúlra nó claonadh gnéis.
Tá na cearta uile seo daingnithe i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sa Phlean Gníomhaíochta a bhaineann leis an gColún, a d'fhormhuinigh tíortha uile an Aontais. Leagann an Plean Gníomhaíochta céard is féidir leis na Ballstáit agus an tAontas a dhéanamh chun prionsabail an Cholúin a thabhairt i bhfeidhm.
Mar sin féin, ní bhíonn sé éasca i gcónaí a thuiscint cé na cearta atá agat, cén chaoi iad a úsáid chun feabhas a chur ar do shaol, nó cén áit cabhair bhreise a fháil.
Chuige sin an leathanach seo. Tá an t eolas go léir ann chun cabhrú leat do chearta a thuiscint agus leas a bhaint astu, le gur féidir leat an saol, an ghairm agus an teaghlach atá uait a bhaint amach. Beidh tu ag foghlaim conas go bhfuil an AE ag cruthú postanna nua, ag triod éagothrom, eisiamh shóisíalta, ag déanamh cinnte go bhfuil obair agus traenáil ard-chaighdeán ag chách. Gheobhaidh tú amach freisin cén áit gur ar féidir leat teacht ar eolas agus ar chabhair i do thír féin.
Gach Ballstát páirteach
Ag an gCruinniú Mullaigh Shóisialta i bPorto i mBealtaine 2021, deimhnigh tíortha an Aontais a dtiomantas chun spriocanna sóisialta le bheith curtha i gcrích faoi 2030 a bhaint amach:

Cuirimis ag obair é, le chéile…
aidhmeanna náisiúnta do thír uait? Anseo
Cén chaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag obair ar do shon?
Cinntíonn institiúidí an Aontais, na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta, agus an tsochaí shibhialta go dtairbhíonn gach aon duine san Aontas Eorpach de na cearta sin agus nach bhfágtar aon duine inár ndiaidh.

saoire le pá ag gach oibrí in aghaidh na bliana

de stiúrthóirí ar bhoird chorparáideacha ón inscne faoi ghannionadaíocht

de shaoire mháithreachais

den mheánphá glan mar phá íosta

a bhí ag staidéar, i mbun oiliúna nó ag déanamh obair dheonach thar lear in 2020 faoi Erasmus+
Scéaltaí

Ag cuardach oibre a oireann duit tar éis duit athlonnú i dtír nua
Mar dhuine nua sa tSualainn, ghlac Lindelwa páirt i dtionscadal maoinithe ag an AE a chabhraigh léi snas a chur ar a cuid scileanna agus obair oiriúnach a fháil.

Cothromaíocht oibre agus saoil agus am sa bhreis le caitheamh le do theaghlach
Chabhraigh tionscadal maoinithe ag an AE le comhlacht Emanuele maidir le grinnscrúdú agus atheagrú a dhéanamh ar chúrsaí gnó, rud a thug cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr dó.

Is féidir le hathruithe beaga san ionad oibre feabhsuithe móra a dhéanamh d’oibrithe néara-éagsúla
Le cuidiú ó thionscadal maoinithe ag an AE, bhí Juha in ann teacht ar bhealaí maidir lena uathachas a láimhseáil agus é ag obair.

Ó bhrionglóid go fíorscéal álainn
A bhuí le tionscadal maoinithe ag an AE, d’oscail Rita an sciamhlann dá cuid brionglóidí.