Cothromaíocht oibre agus saoil agus thuilleadh ama don teaghlach  - Aontais Eorpaigh
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Let’s make it work

Cothromaíocht oibre agus saoil agus thuilleadh ama don teaghlach 

Chuidigh tionscadal a bhí maoinithe ag an AE le comhlacht Emanuele athbhreithniú agus atheagrú a dhéanamh ar ghnó an chomhlachta, rud a thug cothromaíocht oibre agus saoil níos mó dó.

 

Bhí deacrachtaí maidir le cothromaíocht saoil is oibre ag Emanuele Scorza. Mar bhainisteoir díolacháin i bhfíonlann bheag san Iodáil, bhí sé ciotacah dó laethanta saoire a thógáil ón obair. Ní raibh duine ar bith ann leis an saineolas céanna. Ag an am céanna, bhí sé ag iarraidh tuilleadh ama a chaitheamh lena chuid páistí. Ar an dea-uair, chuidigh an tionscadal EQuIPE2020, maoinithe ag an AE, lena chomhlacht maidir le grinnscrúdú agus atheagrú a dhéanamh ar chúrsaí gnó. D’éirigh le Emanuele teacht ar bhealaí le bheith ag obair go solúbtha, le ham saoire a phleanáil níos éasca, agus a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcónaí agus é ag obair. Mar thuismitheoir le post, mothaíonn Emanuele gur bhain sé cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr amach – agus airíonn a chuid páistí go bhfuil sé i bhfad níos sástaí anois.  

Obair chothrom agus cosaint shóisialta éifeachtach