Más sa tóir ar do chéad phost thú, gur oibrigh tú le blianta, nó gur mhaith leat éirí as go luath, tacaíonn an AE le do chuid cearta. Is cuma cá bhfuil tú san AE nó cén cineál post atá agat, tá sé de cheart agat do chuid oibre a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte. Tá dlíthe agus eagraíochtaí AE ann le deimhniú gur féidir leat rochtain a fháil ar obair shábháilte agus d’ard caighdeán, le cothromaíocht a thugann deis duit am a chaitheamh le do theaghlach.
Bá cheart go mbeifeá in ann post maith a aimsiú i dtimpeallact oibre sábháilte agus thar aon rud eile a dhéanann do shláinte a chosaint. Bá chóir go bhfágfadh do phost am agus fuinneamh agat le caitheamh ar do shaol pearsanta. Más i do thír dúchais do phost nó i dtír eile de chuid an AE, beidh sé mar cheart agat i gcónaí rochtain a bheith agat ar chosaint shóisialta.
Cen fáth go gcaithfimid dul i mbun gnímh maidir le obair san AE?
post féideartha a chruthódh an t-aistriú glas san AE faoin mbliain 2030
d’fhostóirí na hEorpa le deacrachtaí acu daoine leis na scileanna riachtanacha acu a aimsiú
gur chóir scileanna bunúsacha ar a laghad a bheith acu san AE faoin mbliain 2025 – 70% den daonra
Céard atá á dhéanamh againn chun dul i mbun gnímh?
is ea é buiséad do Chiste Sóisialta na hEorpa, príomhionstraim an AE maidir le infheistíocht a dhéanamh i ndaoine.
post ar ardán fostaíochta EURES
is ea é an tseachtain oibre uasta, de réir dlí an AE maidir le saothar
Tá post a thaitníonn leat uait, post a íocann tuarastal cothrom agus a thugann spás duit le haghaidh fás gairme. Cibé cineál poist atá uait mar ghairm, tá an AE ann chun cuidiú leat agus le cinntiú go bhfuil na scileanna agus cumasaí agat le do thodhchaí a chruthú. Is féidir leat bogadh thar lear agus post a fháil i dtír eile san AE agus beidh tú fós faoi chosaint do chuid cearta slándala sóisialta.
- Féadann seirbhísí fostaíochta poiblí cabhrú leat maidir le post a oireann duit a aimsiú. Cuireann siad tacaíocht ar fáil trí réimse gníomhaíochtaí ar nós seirbhísí maidir le sochrúcháin phoist, gairmthreoir, seirbhísí cóitseála agus cláir oilúna. Má tá comhairle de dhíth ort maidir leis an bpost atá uait a aimsiú i tír eile san AE, is féidir leat dul i mbun cainte le Comhairleoirí EURES - speisialtóirí ar mhargadh fostaíochta na hEorpa a dtugann comhairle do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí.
- Is féidir leat seiceáil a dhéanamh le feiceáil an oireann aon cheann de nach mór 4 mhilliún post ar an ardán EURES duit.
- Má tá sé ar intinn agat a bheith ag obair thar lear ach tá cúnamh de dhíth ort, breathnaigh ar Scéim Soghluaiseachta Spriocdhírithe na hEorpa.
- Tugann Laethanta Fostaíochta Eorpacha deis duit bualadh le fostóirí féideartha ar líne agus ar an láthair chun comhairle phraiticiúil a fháil maidir le bheith ag maireachtáil agus ag obair thar lear.
- Is iomaí uirlisí úsáideacha agus eolas atá ag Europass chun tacú leat i ngach céim de d’aistear foghlama agus gairme, ar nós tacaíocht chun cuidiú leat CV proifisiúnta agus litir chumhdaigh a chruthú.
- Chun cuidiú leat agus tú ag ullmhú d’athruithe agus deiseanna nua ag teacht aníos mar gheall ar an aistriú digiteach agus glas, tá Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ag cur maoiniú ar fáil do bhaill na hEorpa chun oiliúint a chur ort agus chun cuidiú leat na scileanna cuí a fháil do phost den scoth a bhaint amach.
- Má tá tú faoi bhun 30 bliain d’aois, breathnaigh ar Scéim Ráthaíochta don Aos Óg – tionscnamh AE a chuidíonn le daoine tairiscint fostaíochta nithiúil agus d’ard caighdeán a fháil, chomh maith le hoideachas nó socrúchán oibre a fháil laistigh de 4 mhí tar éis an oideachas foirmiúil a fhágáil nó tar éis post a chailleadh.
- A bhuí le Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh, is féidir le daoine óga bonn a dhéanamh i saol na hoibre laistigh de 2-6 mhí de shocrúchán oibre le maoiniú i dtír eile an AE, le tacaíocht ó mheantóir.
Oibríonn tú go crua chun aire a tabhairt do do theaghlach. Tá post uait a thuigeann gur gá duit fágáil go luath scaití chun turas chun na scoile a dhéanamh nó leathlá a thógáil chun aire a thabhairt do do ghasúr agus é/í breoite. Tá cearta ag teastáil uait a dhéanann do shaol oibre agus pearsanta araon a chosaint.
- Ligeann rialacha an AE maidir le cothromaíocht oibre agus saoil duit aire a thabhairt do do theaghlach agus tú ag déanamh dul chun cinn i do phost. Tugann siad an ceart de shocruithe oibre solúbtha duit, rud a chiallaíonn gur féidir leat do lá a eagrú ar bhealach a oireann duitse agus do do shaol.
- San AE, tá sé mar cheart ag máithreacha 14 seachtaine ar a laghad de shaoire mháithreachais a bheith acu, íoctha ag leibhéal an phá breoiteachta naisiúnta ar a laghad.
- Tá sé de cheart ag an dara tuismitheoir nó athair linbh 10 lá oibre de shaoire atharthachta ar a laghad a thógáil, íoctha ag leibhéal an phá breoiteachta náisiúnta ar a laghad.
- I dteannta sin, tá gach saoránach AE i dteideal 4 mhí de shaoire thuismitheoireachta, agus tá tú in ann iarratas a dhéanamh ar an saoire seo a thógáil in aon bhealach a oireann duit (mar shampla, briste suas i mblocanna nó páirtaimseartha).
- Tá tú i dteideal saoire chomh maith nuair a uchtaíonn tú páiste.
- Tá an ceart agat 5 lá oibre a thógáil gach bliain chun cúram pearsanta nó tacaíocht a thabhairt do bhall de do teaghlach.
Téigh i mbun foghlama maidir leis na cearta atá agat i do thír féin
Tá sé de cheart agat obair a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte agus shláintiúil. Tá sé de cheart agat chomh maith de labhairt amach nuair nach bhfuil rud éigin i gceart. Tá an AE ag obair go dian le deimhniú go bhfuil ionaid oibre níos sláintiúla agus sábháilte.
- Tá reachtaíocht ag an AE a dheimhníonn riachtanais íosta maidir le sláinte agus sábháilteacht do gach earnáil de ghníomhaíochtaí agus do ghnéithe áirithe chomh maith, amhail ceimiceáin chontúirteacha, oibreáin bhitheolaíochta agus fhisiceacha, trealamh oibre, srl.
- Más oibrí gníomhaireachta nó oibrí ar chonradh téarma seasta thú, deimhníonn an AE go bhfuil an leibhéal céanna cosanta ag an obair maidir le slándáil agus sláinte agat mar atá ag oibrithe eile.
- Deimhníonn an AE go bhfuil a dhóthain ama agat saor ón obair laistigh de laethanta oibre le haghaidh scíth a thógáil agus am a chaitheamh ar do shaol pearsanta. Deimhníonn an Treoir maidir le hAm Oibre nach n-oibríonn tú níos mó ná 48 uair an chloig sa tseachtain ar an meán, go dtugtar duit 11 uair an chloig as a chéile de shos laethúil agus go dtugtar duit ar a laghad 24 uair an chloig de shos neamhbhriste gach seachtain. Má oibríonn tú níos mó ná 6 huaire an chloig sa ló, caithfear sos a thabhairt duit.
- Tugann rialacha an AE an ceart duit 4 seachtaine ar a laghad de laethanta saoire íoctha a thógáil gach bliain.
Tacaíonn an AE le gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus iad ag oiriúnú d’athruithe sa gheilleagar le cinntiú gur féidir leo forbairt a dhéanamh. Trí chomhrialacha a leagan amach maidir le fostaíocht, cruthaíonn an AE cothrom na Féinne do do ghnólacht agus iomaíocht níos cothroime le híoschaighdeáin chosanta d’oibrithe ar fud an AE.
- Céim fhiúntach do do chuid oibrithe is ea d’ionad oibre a dhéanamh chomh sláintiúil agus sábháilte agus is féidir agus coinneoidh é sin fadhbanna dlí agus airgeadais uait. Tá neart uirlisí in aisce ag an Measúnú Riosca iridghníomhach ar líne de chuid an AE gur féidir leat úsáid a bhaint astu le do ghnólacht a choinneáil comhlíontach le reachtaíocht a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte náisiúnta ag an obair.
- Má tá spéis agat gnó a dhéanamh a chuireann daoine agus an phláinéid roimh bhrabús, is féidir le Tairseach an Gheilleagair Shóisialta an AE tacú leat chun d’fhiontar sóisialta a sheoladh nó a chur chun cinn. Má theastaíonn píosa cúnaimh uait, tá iasachtaí gnó, micrea-airgeadas, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair ar fáil do do ghnólacht – beag beann ar mhéid do ghnólachta. Gach bliain, tacaíonn an AE le níos mó ná 200,000 gnólacht.
- Is féidir leat rochtain a fháil ar iasacht chomh maith de luach suas le €25,000 chun gnólacht beag a bhunú nó chun gnólacht beag a fhorbairt tríd an Áis Mhicrea-airgeadais don Dul Chun Cinn Eorpach.
- A bhuí leis an gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, tá rochtain agat ar infheistíochtaí suas le €500,000.
- Is féidir leat tacaíocht a fháil le haghaidh micrea-airgeadais agus fiontair ón gclar InvestEU, a sholáthraíonn tacaíocht shaincheaptha duit le do ghnólacht a thosú agus a fhorbairt.
Téigh i mbun foghlama maidir le céard atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach i réimsí eile
Conas a dheimhníonn an AE go gcaitear go cothrom leat
Conas a chuidíonn an AE leat ioncam leordhóthanach a thuilleamh
Conas a chuidíonn an AE leat do chuid scileanna a fhorbairt
Conas a chuidíonn an AE leat aire a tabhairt do do theaghlach