Bunaíodh an tAontas Eorpach ar phrionsabal an chomhionannais. Beag beann ar do ghnéas, cine, dath, cúlra eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht mionlaigh náisiúnta, sealúchas, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, tá sé de cheart agat go gcaitear leat ar bhonn cothrom agus tú sa tóir ar phost, agus tar éis duit post a fháil, go gcaitear leat ar bhonn cothrom maidir le cinntí a bhaineann le harduithe céime, pá agus coinníollacha oibre.
Tá muid anseo chun tacaíocht a thabhairt duit agus chun cinntiú go gcaitear go cothrom leat. Níor chóir go mbeadh leithcheal feicithe ag éinne i saol na hoibre – go mbíodh sé ó do cheannasaí, do chuid comhghleacaithe, na bainisteoirí a d’earcaigh tú nó ó dhuine ar bith eile. Tá muid i mbun oibre chun deireadh a chur leis an gcineál leithcheala seo.
Cén fáth go gcaithimid dul i mbun gnímh maidir le comhionannas san Aontas Eorpach?
líon na mban san Aontas Eorpach a mbraiteann go ndéantar leithcheal ina gcoinne agus iad ag obair
líon na mban san Aontas Eorpach a mbraiteann go ndéantar leithcheal ina gcoinne agus iad ag obair
na ndaoine d’fhéiniúlachtaí LADTA na hEorpa a ndearnadh suirbhé orthu le ciapadh nó leithcheal feicthe acu
Céard atá á dhéanamh againn chun déileáil leis?
na bpost stiúrtha gur chóir a bheith líonta le mná (agus iad mar inscne faoi ghannionadaíocht) roimh dheireadh an Mheithimh 2026, de réir dlí faoi leith an Aontais
Líon na ndaoine aosta atá tar éis buntáiste a bhaint as an mbuiséad CSE+ idir 2007 agus 2013
d’infheistíochtaí CSE+ ann do chomhionannas inscne
Níor chóir go mbeadh deacrachtaí agat post a fháil mar gheall ar an gcreideamh atá agat, d’aois, do mhíchumas, do bhunús eitneach nó, d’inscne nó do chlaonadh gnéis. Tá reachtaíocht ag an AE chun cosc a chur ar fhostóirí leithcheal a dhéanamh bunaithe ar na critéir seo.
- Mar shaoranach an Aontais, tá sé mar cheart agat go gcaitear leat ar bhonn comhrom maidir le cúrsaí earcaíochta, coinníollacha oibre, arduithe céime, pá, rochtain ar oiliúint ghairme, pinsin ghairme agus briseadh. Is féidir le heagraíochtaí comhionannais do thíortha faoi leith cuidiú leat maidir leis na cearta seo a chur i bhfeidhm.
Tá sé de cheart agat a bheith in ann do chuid oibre a dhéanamh gan a bheith buartha go ndéanfar leithcheal ort, go gcuirfear tú san áireamh maidir le cinntí a bhaineann le harduithe pá agus arduithe céime agus go gcaithfear leat le meas. Troideann an AE ar son na ndaoine a ndéantar leithcheal orthu agus tá reachtaíocht ag an AE leis an aidhm chun dul i ngleic le cleachtais neamhchothroma san ionad oibre. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh tuilleadh post agus poist níos fearr in ionaid oibre ionchuimsitheacha agus inrochtana.
- Leagann an reachtaíocht maidir le caitheamh comhionann an AE amach an t-íosmhéid maidir le cosaint a bhaineann le gach duine ag maireachtáil agus ag obair san Aontas Eorpach.
- Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar athruithe réasúnta má tá tú faoi mhíchumas agus go gcreideann tú go bhfuil gá le hathruithe maidir le d’ionad oibre.
- Féadfaidh sé go dtosnóidh leithcheal i gcoinne tuismitheoirí (go háirithe máithreacha) san ionad oibre le linn toirchis. Breathnaítear ar thuismitheoirí mar dhaoine nach bhfuil chomh tiomanta i leith a gcuid oibre, nach bhfuil chomh solúbtha agus nach bhfuil iontaofa. Clúdaíonn dlíthe an AE chun dul i ngleic leis an leithcheal réimse leathan d'ábhair, ina measc cosaint d’oibrithe ag iompar clainne agus do mháithreacha a dtugann brollach don leanbh, agus cearta maidir le saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoireachta.
- Trí rialacha an AE maidir le cothromaíocht oibre is saoil cuirtear ar chumas tuismitheoirí agus cúramóirí cothromaíocht níos fearr a aimsiú idir a gcuid oibre agus a saol teaghlaigh agus cothaítear comhroinnt níos fearr freagrachtaí idir mná agus fir.
- Ón mbliain 2000, chuir an AE cosc ar leithcheal ar bhonn aoise maidir le fostaíocht. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach féidir le do cheannasaí oiliúint nó ardú céime a choinneáil uait bunaithe ar d’aois.
- Mar gheall ar rialacha an AE maidir le Cothrom Inscne ar Bhoird Chorparáideacha, bíonn sé de dhíth ar chomhlachtaí móra liostaithe 40% ar a laghad den inscne faoi ghannionadaíocht (mná faoi láthair) a fháil mar stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin do chomhlachtaí liostaithe, nó mar 33% de na stiúrthóirí uile.
Tá tú ag obair go dian chun do chomhlacht féin a thosú agus a fhorbairt. Tá sé de cheart agat na deiseanna céanna atá ag comhlachtaí eile a bheith agat agus ag do chomhlacht, beag beann ar mhéid do chomhlachta. Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide cnámh droma maidir le geilleagar na hEorpa. Is é Sin is an cúis le go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le fiontair bheaga agus mheánmhéide a chur ar comhchéim le comhlachtaí móra ar fud na hEorpa.
- Tá rialacha comórtais i bhfeidhm ag an AE agus iad deartha le cinntiú go bhfuil coinníollacha cothroma agus céanna ann do chomhlachtaí. Níl cead ag na gnólachtaí móra an chumhacht mhargála atá acu a úsáid chun coinníollacha a bhrú isteach ionas go mbeadh sé deacair dá gcuid soláthróirí agus custaiméirí gnó a dhéanamh lena gcuid iomaitheoirí. Cabhraíonn sé sin comhlachtaí beaga le brú ó chorparáidí móra ilnáisiúnta agus iad a choinneáil sa mhargadh.
- Trí cheisteanna a phlé amhail deacrachtaí an mhargaidh saothair, saol teaghlaigh agus fostaíocht, féadtar coinníollacha oibre a fheabhsú agus do chomhlacht a dhéanamh níos iomaíche. Chun é sin a bhaint amach, cuireann an AE chomhphlé sóisialta chun cinn, chomh maith le comhphlé idir fostaithe agus fostóirí ag leibhéal náisiúnta agus leibhéal Eorpach araon tríd an CSE+.