Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Let’s make it work

Ó bhrionglóid go fíorscéal álainn

A bhuí le tionscadal maoinithe ag an AE, d’oscail Rita an sciamhlann dá cuid brionglóidí.  

 

Bhí brionglóid i gcónaí ag Rita Bonnici, máthair shingil de chuid Mhálta, sciamhlann dá cuid féin a oscailt. Tar éis di staidéar a dhéanamh ar scéimh agus ar fholláine, mhothaigh sí go raibh na scileanna aici, ach go raibh ganntanas airgeadais aici le comhlacht dá cuid féin a bhunú. Cuireadh frustrachas uirthi toisc nach raibh sí in ann soláthar dá teaghlach oiread agus gur mhaith léi. Chuidigh an tionscadal LEAP, maoinithe ag an AE, le Rita agus leis an bhfadhb áirithe seo trí mheantóireacht agus comhairle ghnó a chur ar fáil di. Buíochas leis an scéim, bhí sí in ann iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais chomh maith. Chuidigh sé sin le Rita maidir lena sciamhlann a oscailt agus a cuid scileanna agus an paisean atá aici a chur in úsáid. Tá Rita in ann a páirt a imirt sa phobal anois, agus í ag tuilleamh ioncaim a sholáthraíonn dá teaghlach.   

Obair chothrom agus cosaint shóisialta éifeachtach