Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Let’s make it work

Ag cuardach oibre a oireann duit tar éis duit athlonnú i dtír nua

Mar dhuine nua sa tSualainn, ghlac Lindelwa páirt i dtionscadal maoinithe ag an AE a chabhraigh léi snas a chur ar a cuid scileanna agus obair oiriúnach a fháil.  

Nuair a bhog Lindelwa Mettavainio i 2017 chuig Luleå, cathair i dtuaisceart na Sualainne, ní raibh sé éasca di teacht ar phost. De bhunadh na hAfraice Theas, bhí sí ina hoibritheoir meaisín, agus bhí fonn uirthi obair mar seo a fháil. Tháinig deis aníos nuair a ghlac sí páirt i dtionscadal den teideal Workplace Luleå. Le maoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa, cuidíonn an tionscadal le daoine nua tar éis dóibh athlonnú sa tSualainn, cosúil le Lindelwa, a gcuid scileanna a chur chun cinn agus obair a aimsiú a oireann dóibh maidir lena gcuid suimeanna agus taithí. D'athraíodh saol Lindelwa dá bharr. Oibríonn sí faoi láthair mar oibritheoir meaisín do chomhlacht Sualannach agus saol breá aici in Luleå lena fear céile agus a mac.   

Obair chothrom agus cosaint shóisialta éifeachtach