Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Let’s make it work

Is féidir le hathruithe beaga san ionad oibre feabhsuithe móra a dhéanamh d’oibrithe néara-éagsúla

Le cuidiú ó thionscadal maoinithe ag an AE, bhí Juha in ann teacht ar bhealaí maidir lena uathachas a láimhseáil agus é ag obair.  

 

digital solutions enable inclusion


Bhí deacrachtaí ag Juha, a bhfuil uathachas air, post a choinneáil. Mar gheall ar an stiogma atá ann maidir leis an uathachas, bhí deacrachtaí aige fostaíocht a aimsiú ar an gcéad ásc. Gan tacaíocht ar fáil dó agus é ag obair, bhí deacrachtaí aige a dhícheall a dhéanamh maidir lena chuid cúraimí. A bhuí leis an tionscadal DigiNepsy, maoinithe ag an AE, bhí Juha in ann teacht ar bhealaí maidir lena uathachas a láimhseáil. D’fhoghlaim sé go raibh tionchar thar a bheith dearfach ag cluasáin díthorainn. Mar thoradh air sin, tá sé ag dul ó neart go neart. Tríd an teicneolaíocht chúnta a chur chun cinn agus aird a tharraingt ar na bealaí éasca le gur féidir aghaidh a thabhairt ar na neamhoird néarachognaíocha seo, cuidíonn an tionscadal le comhionannas agus cuimsiú san ionad oibre a chur chun cinn.  

Obair chothrom agus cosaint shóisialta éifeachtach