Tá an AE ag obair le cinntiú go n-íoctar gach saoránach pá íosta leordhóthanach. Ciallóidh sé sin gur féidir leat riachtanais an tsaoil a sholáthar do do theaghlach agus cuidiú leis an mbearna phá idir na fir agus na mná a laghdú toisc go dtuilleann ní mó mná na fir pá íosta.
Cén fáth go gcaithfimid dul i mbun gnímh maidir le cúrsaí iomcaim san AE?
de dhaoine fostaithe san AE i 2018 mar shaothraithe pá íseal
an t-íosphá míosúil is ísle san AE
d’íosphá ag teastáil chun íoc as meánchíos i dtíortha faoi leith
Céard atá á dhéanamh againn chun cabhrú?
mar aidhm ag an AE don bhliain 2030 maidir leis an laghdú ar dhaoine i mbaol bochtanais nó éisiamh sóisialta i gcomparáid le 2019
an t-am atá ag tíortha an AE chun treorach an AE maidir le híosphá a aistriú i ndlíthe náisiúnta
d’fhéadfadh an líon seo daoine leas a bhaint as an Treorach maidir le hÍosphá
Nuair atá tú sa tóir ar obair, tá sé de cheart agat rochtain a bheith agat ar chosaint shóisialta, rud a ligeann duit íoschaighdeán maireachtála a bheith agat fiú gan phost.
- Cuireann an AE comhrialacha i bhfeidhm chun do chearta maidir le slándáil shóisialta a chosaint agus tú ag athlonnú laistigh den Eoraip (na 27 ballstáit agus an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis). Téigh i mbun foghlama maidir le dlíthe na dtíortha AE a leagann amach na sochair a bhaineann leatsa.
- Má bhristear as do phost thú, seans go mbeidh tú i dteideal sochair dífhostaíochta, ag brath ar rialacha na tíre sa tír ina bhfuil tú ag obair.
San Eoraip, níl aon áit don leithcheal ar mbonn pá. Má dhéanann tú an obair chéanna a dhéanann do chomhghleacaí, tá sé de cheart agat an pá céanna a thuilleamh. Níl tábhacht ag baint le d’aois, inscne, féiniúlacht ghnéasach ná eitneachas.
- Le deimhniú go dtuilleann tú tuarastal réasúnta, ceann a ligeann duit caighdeán maireachtála réasúnta a sholáthar duit féin agus do do theaghlach, ghlac an AE le reachtaíocht nua maidir le híospháleordhóthanach i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá 2 bhliain ag tíortha chun í a thabhairt i bhfeidhm.
- Tugann rialacha an AE maidir le trédhearcacht pá an ceart d’fhostaithe iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis óna bhfostóirí maidir leis an leibhéal pá a bhaineann leo agus maidir le meánleibhéil phá, briste síos de réir inscne, ag leagan amach na catagóirí d’oibrithe a dhéanann an obair céanna nó obair den luach céanna.
- Más rud é gur oibrigh tú i níos mó ná tír amháin de chuid an AE, tá do phinsean forlíontach faoi chosaint.
Agus tú ag obair go crua ag cur do ghnó le chéile, bíodh muinín agat toisc go bhfuil sé de cheart ag daoine féinfhostaithe an AE rochtain a bheith acu ar chosaint shóisialta, agus chomh maith leis sin, nuair atá ar scor, rochtain ar phinsean ar comhréir in éineacht lena gcuid ranníocaíochtaí.
- Spreagann an AE ballstáit go gcinntíonn siad gur féidir le hoibrithe neamhchaighdeánacha (amhail oibrithe sealadacha, páirtaimseartha, gníomhaireachta nó oibrithe ar glao-dhualgas) agus oibrithe féinfhostaithe rochtain a fháil ar chosaintí a bhaineann le dífhostaíocht, tinneas agus cúram sláinte, saoire mháithreachais, atharthachta agus seanaois.